Хелависа, Владимир Лазерсон - Amhrán na Leabhar текст песни

[Хелависа, Владимир Лазерсон - Amhrán na Leabhar текст песни]

Go Cuan Bhéil Inse casadh mé
Cois Góilín aoibhinn Dairbhre
Mar a seoltar flít na farraige
Thar sáile i gcéin
I Portmagee do stadas seal
Faoi thuairim intinn maitheasa
D’fhonn bheith sealad eatarthu
Mar mháistir léinn
Is gearr gur chuala an eachtara
Ag cách mo léan!
Gur i mBord Eoghain Fhinn do chailleathas
An t-árthach tréan
Do phreab mo chroí le hatuirse
I dtaobh loinge an taoisigh chalma
Go mb’fhearrde an tír í ‘sheasamh seal
Do ráib an tséin
Mo chiach, mo chumha is m’atuirse!
Mé im iarsma dubhach ag ainnise
Is mé síoraí ‘déanamh marana
Ar mo chás bhocht féin!
Mo chuid éadaigh chumhdaigh scaipithe
Bhí déanta cumtha, ceapaithe
Is do thriaill thar thriúcha Banban
Mar bhláth faoi mo dhéin
Iad bheith imithe san fharraige
Ar bharr an scéil
Is a thuilleadh acu sa lasair
Is mé go támhach trém néal
Ba thrua le cách ar maidin mé
Go buartha, cásmhar, ceasnaithe
Is an fuacht a chráigh im bhalla mé
Gan snáth ón spéir!

Dá shiúlfainn Éire is Alba
An Fhrainc, an Spáinn is Sasana
Agus fós arís dá n-abrainn
Gach aird faoin ré
Ní bhfaighinnse an oiread leabhartha
B’fhearr eolas agus tairbhe
Ná is mó bhí chum mo mhaitheasa
Cé táid ar strae
Mo chreach! mo chumha ina n-easnamh siúd
Do fágadh mé!
Is mór an cúrsa marana
Agus cás liom é
Mallacht Dé is na hEaglaise
Ar an gcarraig ghránna mhallaithe
A bháigh an long gan anaithe
Gan ghála, gan ghaoth

Интерпретация для


Добавить интерпретацию

Добавить расширенную интерпретацию

Если вы знаете, о чем поет исполнитель, умеете читать «между строк» и знаете историю песни, вы можете добавить интерпретацию текста. После проверки нашими редакторами мы добавим ее как официальную интерпретацию песни!

Последние добавленные интерпретации к текстам песен

A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z #
Интерпретировать